Tuesday 14 February 2012

Duan Bhríde - Dearc Anuas



This is the Irish version by Douglas Hyde of the hymn of the Brigidine Sisters Far Above Enthroned in Glory.

Dearc anuas, féach mar táimid;
A naoimh álainn, féach sinn.
Feacamid ár nglún id láthair;
Dearc mar mháthair ar do chlainn.
Cuidigh linn, a mháthair aoibhinn;
Bí a choíche ag éisteacht linn.
A Naoimh Bríd, a chéile Chríosta,
Mar an fhaoileann ar an toinn.

Níl aon áit a bhfuil na Gaela
Ar an tsaol seo abhus nó thall,
Nach bfuil grá acu ina gcroíthe
Ortsa, a Bhríd gheal, moch is mall.
Líon le grá an croí atá brúite,
Bain den tsúil atá fliuch an deor;
Stiúraigh, treoraigh, ardaigh sinne.
Nó go dtigimid i do ghlóir.

The Confraternity Hymn Book (Belfast, 1959), 138.

Content Copyright © Trias Thaumaturga 2012-2015. All rights reserved.

No comments:

Post a Comment